Cé Muid Féin

  Leagan Gaeilge

Why We Are

(Our Mission)

NUI Galway is for the public good.

NUI Galway belongs to the people. We are here for our students, our society and our planet. We are distinctive for our transformative and impactful teaching, research and innovation, our inclusive student experience, and our passion for culture and creativity. By engaging in our region, nationally and across the world, we deliver sustainable societal change.

NUI Galway is a university for our time.

We are dedicated to nurturing global citizens and addressing key questions facing the world. We recognise how critical this moment is for our planet, and our students demand that we respond to the challenges through our research, teaching and actions. We invest in our students and research community, confident that they will be the critical thinkers, entrepreneurs, social activists, public servants and innovators of the future.

NUI Galway is globally distinctive and research-driven.

We are a wellspring of creative energy and believe in the transformative power of knowledge. Like all great discoverers and adventurers, we look with curiosity over the horizon. We build on the unique strengths of our people, purpose and place for the benefit of individual, societal and environmental wellbeing.

Where We Are Going

(Our Vision)

NUI Galway will be a driver of transformational change for our people, our region and our world.

We will think globally by inspiring, celebrating and advancing the critical role that our University has in delivering sustainable development. And we will act locally by empowering our people, investing in our purpose and engaging with the distinctive needs of our region.

We will create a distinctively values-based culture, which has excellence, ambition and the wellbeing of our communities at its core.

Our vision will be guided by our core values of respect in our actions, excellence in our work, openness in our outlook and sustainability in our approach. Distinguished by kindness and a commitment to equality, this culture will empower our people to thrive.

We will harness our distinctive strengths and creative energy to deliver significant and sustainable societal impact.

Our University is at the heart of a distinctive city and region, renowned for its culture, creativity, technology and innovation. Drawing on these distinctive strengths will set us apart internationally. We will stimulate the creative potential of our students, staff, alumni and wider community to advance our teaching, research, innovation and engagement in and for the world.

NUI Galway has been inspiring minds since 1845 as a research-led university.

Ours is one of the oldest and largest universities in Ireland. Beginning with just 68 students, our campus community now numbers over 22,000 students and staff, and our 110,000 alumni are located in over 100 countries across the world. From humble beginnings, today we are counted among the Top 300 universities in the world according to the most prestigious rankings,[1] positioning us in the top 2% globally.
NUI Galway is an international university with global ambition, but with deep roots in our region and nationally. Our location on the very edge of Europe gives us a unique perspective. Our university is at the heart of a distinct and vibrant region, renowned for its unique culture, creative industries, medical technologies, marine ecology and economy, and our innovation. We work in partnership with business, industry and government to provide the graduates, skills, knowledge and innovation that drive entrepreneurialism, employment and growth in our region.

Ours is a global perspective and our University contributes greatly to the diversity and dynamism of Galway, the most international city in Ireland. With over 3,300 international students and 480 international staff from 122 countries, we are rightly proud of the contribution and vibrancy they add to our campus and wider communities. Through our teaching and research, we attract and develop talent from around the world to address global challenges. Our international impact is strengthened by our alumni network, along with our partnerships and collaborations with leading international universities and organisations around the world. The global impact of our research is evident in the number of our international research collaborations, and the fact that we are home to five of the most highly cited researchers in the world.[2]

We are a comprehensive research-led university with a breadth and depth of teaching and research across the sciences, social sciences and humanities, delivered through four Colleges, 19 Schools, five Research Institutes and a range of research centres and clusters. Our regional footprint is the largest in Ireland spanning the Atlantic seaboard.



[1] QS and Times Higher Education World University Rankings.

[2] According to Clarivate Analytics.

 

***

An Chúis Gurb Ann Dúinn

(Ár Misean)

Is ar mhaithe leis an bpobal atá OÉ Gaillimh.

Is leis an bpobal OÉ Gaillimh. Táimid anseo chun freastal ar ár mic léinn, ár sochaí agus ár bpláinéad. Táimid sainiúil mar thoradh ar ár dteagasc, ár dtaighde agus ár nuálaíocht atá bunathraitheach agus a bhfuil an-tionchar acu, mar thoradh ar eispéireas cuimsitheach ár mac léinn, agus mar thoradh ar a thiomanta agus atáimid don chultúr agus don chruthaitheacht. Déanfaimid athruithe ar an tsochaí trí dhul i mbun gnímh inár réigiún, go náisiúnta agus ar fud na cruinne.

Is ollscoil na linne seo é OÉ Gaillimh.

Táimid tiomanta saoránaigh den domhan a chothú, agus aghaidh a thabhairt ar na buncheisteanna atá le réiteach. Aithnímid a chriticiúla is atá an t-am i láthair dár bpláinéad, agus éilíonn ár gcuid mac léinn go dtabharfaimid aghaidh ar na dúshláin sin trínár dtaighde, ár dteagasc agus ár gcuid gníomhartha. Déanfaimid infheistiú inár gcuid mac léinn agus ár bpobal taighde agus táimid muiníneach gurb iad a bheidh ina smaointeoirí criticiúla, ina bhfiontraithe, ina ngníomhaithe sóisialta, ina seirbhísigh phoiblí agus ina nuálaithe sa todhchaí.

Baineann sainiúlacht dhomhanda le OÉ Gaillimh agus tá an Ollscoil dírithe ar thaighde.

Tá fuinneamh cruthaitheach gan teorainn againn agus creidimid i gcumhacht bhunathraitheach an eolais. Fearacht gach fionnachtaí agus eachtránaí, bímid síorfhiosrach faoina bhfuil i ndán dúinn. Cothaímid láidreachtaí uathúla an phobail, an chuspóra agus na háite ar mhaithe le leas an duine aonair, na sochaí agus an chomhshaoil.

Ár dTriail

(Ár bhFís)

Spreagfaidh OÉ Gaillimh bunathruithe i measc an phobail, an réigiúin agus ar fud an domhain

Glacfaimid chugainn féin dearcadh domhanda tríd an ról fíorthábhachtach atá ag an Ollscoil maidir le forbairt inbhuanaithe a spreagadh, a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Agus gníomhóimid go háitiúil trí dhaoine a chumhachtú, trí infheistíocht a dhéanamh inár gcuspóir agus trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais shainiúla ár réigiúin.

Cothóimid cultúr sainiúil atá bunaithe ar luachanna, agus a bhfuil barr feabhais, uaillmhian agus leas ár bpobal ina chroílár.

Is iad na bunluachanna atá againn – ómós a léiriú agus muid i mbun gnímh, barr feabhais inár gcuid oibre, oscailteacht maidir lenár ndearcadh agus inbhuanaitheacht inár gcur chuige – a threoróidh ár bhfís.  Cultúr cineálta a bheidh tiomanta don chomhionannas a bheidh ann agus cuirfidh sé ar chumas ár ndaoine dul chun cinn a dhéanamh.

Tiocfaimid i dtír ar ár láidreachtaí sainiúla agus ár bhfuinneamh cruthaitheach chun tionchar suntasach agus inbhuanaithe a imirt ar an tsochaí.

Tá ár nOllscoil suite i lár cathair agus réigiún sainiúil a bhfuil cáil uirthi as a cultúr, a cruthaitheacht, a teicneolaíocht agus a nuálaíocht. Má thapaímid na láidreachtaí sainiúla sin, fágfaidh sé gur Ollscoil faoi leith a bheidh ionainn go hidirnáisiúnta. Tabharfaimid spreagadh d’fhéidearthachtaí cruthaitheacha ár gcuid mac léinn, comhaltaí foirne, alumni agus an phobail níos leithne chun ár dteagasc, taighde, nuálaíocht agus rannpháirtíocht sa domhan, agus ar mhaithe leis an domhan, a chur chun cinn.

Tá OÉ Gaillimh ina fhoinse inspioráide mar ollscoil taighde ó 1845 i leith.

Tá an ollscoil seo againne ar cheann de na hollscoileanna is sine agus is mó in Éirinn. 68 mac léinn a bhí cláraithe i dtús aimsire anseo, agus anois tá breis agus 22,000 mac léinn agus comhalta foirne againn, agus tá an 110,000 céimí atá againn scaipthe ar fud an domhain i mbreis agus 100 tír. Is mór an t-athrú atá tagtha orainn le himeacht na mblianta, agus áirítear muid i measc an 300 ollscoil is fearr ar domhan inniu de réir na ranguithe is iomráití,[1] rud a fhágann go bhfuilimid i measc an 2% is fearr ar domhan.

Is ollscoil idirnáisiúnta é OÉ Gaillimh a bhfuil spriocanna idirnáisiúnta curtha roimhe, ach tá sé fréamhaithe go daingean sa réigiún agus sa tír. Tá léargas faoi leith againn i bhfianaise an ollscoil a bheith lonnaithe ar imeall na hEorpa. Tá an ollscoil i gcroílár réigiún sainiúil agus bríomhar, a bhfuil cáil air as ucht a chultúir uathúil mar aon lena ghnólachtaí cruthaitheacha, teicneolaíochtaí leighis, éiceolaíocht agus geilleagar mara, gan trácht ar ár nuálaíocht. Oibrímid as lámha a chéile leis an earnáil thionsclaíoch agus ghnó agus leis an rialtas chun na céimithe, scileanna, eolas agus nuálaíocht a sholáthar féachaint leis an bhfiontraíocht, fostaíocht agus borradh eacnamaíoch a chothú inár réigiún.
 

Tá peirspictíocht dhomhanda againn, agus cuireann an Ollscoil seo againne go mór le héagsúlacht agus le beocht na Gaillimhe, arb í an chathair is idirnáisiúnta in Éirinn í. Le breis agus 3,300 mac léinn idirnáisiúnta agus 480 comhalta foirne idirnáisiúnta ó 122 tír, táimid bródúil as an gcion a dhéanann siad dár gcampas agus dár bpobal níos leithne. Trínár dteagasc agus ár dtaighde, éiríonn linn daoine cumasacha a mhealladh as gach cearn den domhan d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Treisíonn ár líonra alumni mar aon lenár gcomhpháirtíochtaí agus ár gcomhoibriú le hollscoileanna agus le heagraíochtaí clúiteacha ar fud an domhain an tionchar idirnáisiúnta atá againn. Tá tionchar idirnáisiúnta ár dtaighde le sonrú i líon na gcomhoibrithe taighde idirnáisiúnta atá againn, agus go bhfuil cúigear de na taighdeoirí is mó a luaitear ar domhan lonnaithe anseo.[2]

Is ollscoil chuimsitheach muid atá dírithe ar thaighde agus tá réimse leathan oibre ar bun, idir theagasc agus taighde, sna heolaíochtaí, sna heolaíochtaí sóisialta agus sna daonnachtaí. Cuirtear an obair sin i gcrích i gceithre Choláiste, 19 Scoil, cúig Institiúid Taighde agus i raon ionad agus braisle taighde. Is againne atá an lorg réigiúnach is mó in Éirinn, agus muid ag síneadh feadh chósta an iarthair.


[1] Ranguithe Ollscoile Domhanda QS agus Times Higher Education.

[2] De réir Clarivate Analytics.